‘Cinnte, dearfa.’
‘Togha,’ arsa Emily go sásta.
‘Rachaimid go dtí an trá, abair, agus beidh uachtar reoite againn. Ach fan ort, conas a thiocfaimid ar ais?’
‘Sin uimhir a cúig.’
‘Tuigim.’

D’fhéach Emily ar ais ar an liosta.

‘A cúig: teiliompróir eile, mar shampla uaireadóir atá ábalta mé a zaipeáil ar ais abhaile. Cúla-búla.’

Lean sí uirthi ag léamh.

‘A sé: a bheith in ann eitilt. Go breá.
A seacht: go mbeidh mo mham agus mo dhaid sa bhaile níos minice.’
‘Ó.’ Dheargaigh Alex. ‘Rinne mé dearmad gur scríobh mé an ceann sin.’

‘Is mian an-mhaith é,’ arsa Emily. ‘Ba bhreá liomsa go mbeadh mo thuismitheoirí sa bhaile níos minice.’
‘Sea.’

D’imir siad an cluiche go ciúin ar feadh tamaill, agus iad ag smaoineamh conas mar a bhídís sa bhaile leo féin agus a dtuismitheoirí imithe ar feadh cúpla mí san am. Ní raibh fuaim ar bith sa teach ach fuaim na teilifíse agus Mamó Tóibín ag cogaint agus ag gnúsachtach sa chúlra.

27
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 27

Scéalta