Thug Alex freagra faoina anáil agus iad ag dul isteach sa teach.
‘Sa seomra breise atá sé faoi ghlas. Damhán alla uafásach nimhneach.’
‘In ainm Chroim! An bhfuil cead agam féachaint air?’ a d’fhiafraigh Emily.
Chroith Alex a cheann. ‘Ná bac. Tá sé róchontúirteach.’
Tamall níos déanaí, bhí Alex agus Emily ag imirt ar an gconsól nua cluichí.
‘Abair liom, cad é do chéad mhian eile?’ a d’fhiafraigh Emily.
‘Seo.’
Bhí píosa páipéir ar an gcathaoir, agus thug Alex di é.
‘Mo mhianliosta le hAlex Zwick,’ a léigh Emily os ard.
‘Uimhir a haon: péire buataisí draíochta a chuireann cúl isteach gach uair.
Uimhir a dó: dul go dtí leibhéal a céad ingach cluiche a imrím.’
D’fhéach sí trasna air.
‘Nach é leibhéal a caoga an leibhéal is airde de ghnáth?’
‘Go díreach,’ arsa Alex.
‘Uimhir a trí: cártaí trádála vaimpíre, agus iad slán ó gach draíocht agus gaiste.’ Chas
Emily a súile timpeall chun a thaispeáint go raibh mianta Alex an-amaideach ar fad.
‘Uimhir a ceathair: teiliompróir iontach a thugann mé pé áit a dteastaíonn uaim dul.’
Rinne Emily gáire beag.
‘Anois is maith liom an ceann seo. Seo an mhian is fearr fós.
An féidir leat mian nua a scríobh, chun go rachaidh mise sa teiliompróir freisin?’

26
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 26

Scéalta