‘Dáiríre píre?’
Bhí Emily ag faire go cúramach ar mhamó Alex.
‘Sea, feicim anois go bhfuil sí cosúil le zombaí. Conas mar a tharla sé?’
D’fhéach Alex ar Emily ar feadh nóiméid. Ansin chroith sé a ghuaillí.
‘Tháinig mé ar leabhar draíochta. Tugann sé gach mian duit.’
‘Agus d’iarr tú go ndéanfaí zombaí de do mhamó? Cén sórt duine thú, a Alex?’
‘Níor iarr mé sin, d’iarr mé a bheith saibhir. Agus nuair a tháinig mé abhaile, bhí mé saibhir ceart go leor, ach bhí mo mhamó marbh. Fuair mé a cuid airgid go léir ach d’iarr mé mian nua, go dtiocfadh sí ar ais. Agus tháinig, ach ina zombaí.’
‘A leithéid de rud!’
Bhí Emily ag smaoineamh go tréan agus í ag éisteacht le hAlex.
Tháinig siad go dtí teach a mhamó.
‘Ná siúil ar an gcosán sin,’ arsa Alex. ‘Rinne na feairíní béal dorais gaiste i lár an
chosáin agus tá sé lán de spící.’
‘Cad é?’
‘An leabhar draíochta arís,’ a mhínigh Alex.
‘Rinne mé pictiúr de ghaiste, agus an chéad rud eile, bhí an gaiste céanna anseo sa ghairdín.’
‘A dhiabhail! Cén pictiúr eile a rinne tú?’

25
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 25

Scéalta