‘A Emily, an rud ná go bhfuil an leabhar beo.’

‘Dáiríre?’

‘Lándáiríre,’ arsa Alex. ‘Bíonn sé ag gáire fúm. Agus imríonn sé cleasanna orm. Tugann sé mo mhian dom, ach cuireann sé gach rud bunoscionn. An consól seo, mar shampla, tháinig sé ar leoraí a bhris fuinneog siopa ina smidiríní nuair a stop sé. Agus féach an damhán alla agus an gaiste – agus mo mhamó, ar ndóigh. Is leabhar scanrúil é. Cuireann sé olc orm, caithfidh mé a rá.’

‘Ó, bhuel, cén fáth a mbacann tú leis, mar sin?’

Tháinig grainc ar Alex

'Ba mhaith liom mo mhianta a fháil, sin an fáth – ach gan aon rud cearr leo.’

‘Ba mhaith liomsa an leabhar a fheiceáil,’ arsa Emily.

D’fhéach Alex ar Emily. Bhí sé fíorshásta a rún a roinnt le duine eile.

‘Ceart go leor, mar sin.’

28
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 28

Scéalta