Caibidil 7: Mian nach Féidir a Fháil

Bhí Emily sa leabharlann dhorcha nuair a d’imigh Alex as radharc.
Ní raibh solas ar bith sa leabharlann ach solas draíochta an leabhair, a bhí beo ina lámha. Bhí scéal ar gach leathanach faoi na mianta iontacha a d’'iarr daoine, agus an mallacht a bhí ar na mianta sin nuair a fuair siad iad.

Bhí na mílte scéal sa leabhar, ach tar éis tamaill d’oscail Emily an leathanach deireanach ar fad.
Cé a chonaic sí ar an leathanach sin ach Alex, buachaill beag misniúil ag féachaint in airde ar fhathach mór millteach? Bhí dhá aghaidh ar an bhfathach, ceann amháin ag gáire go magúil agus an ceann eile feargach.
Chuala Emily sclogaíl gháire san aer. Bhí uirthi cabhrú lena cara Alex ach ní raibh a fhios aici conas sin a dhéanamh.

Sea, bhí uirthise cabhrú leis.
Bhí draíocht sa leabhar agus ní raibh múinteoir ná duine fásta ar bith eile ábalta draíocht a stopadh.
D’fhéach sí ar a cara istigh sa leabhar.
Bhí sé chomh beag ach fós chomh misniúil, dalba, dúshlánach.

Ansin rith smaoineamh léi – smaoineamh a thaitin go mór léi.
Bhí an leabhar an-trom ach d’éirigh léi dul ar ais go dtí an chéad leathanach.
Seo mar a scríobh sí, thíos faoi na focail ‘Cad é do mhian?’:

BA MHAITH LIOM GO MBEADH ALEX ZWICK GO DEAS BÉASACH.

43
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 43

Scéalta