Dhún sé an leabhar draíochta go tapa agus bhrúigh sé isteach faoin tseilf é, chun nach bhfeicfeadh éinne eile é.
Bhí Clíona ag fanacht ag an doras.

Chuirfeadh sí ceist air cén leabhar a fuair sé. Thóg Alex leabhar éigin den tseilf gan féachaint air.

‘'Síofra agus na Sióga?’'

D’fhéach Clíona ar an teideal agus amhras an domhain uirthi.
D’fhéach Alex ar ais uirthi agus chroith sé a ghuaillí, gan focal a rá.

Nuair a tháinig sé abhaile, bhí an teach an-chiúin. Rud a bhí aisteach.
Bhí cónaí ar Alex lena mhamó, a dhéanadh peataireacht air an t-am ar fad.
Bhí sí go deas, ceanúil agus ní deireadh sí riamh go raibh Alex dána dalba.

De ghnáth, thógadh sí a mhála scoile agus chuireadh sí ceisteanna air faoin scoil. Bhí duine éigin ag cnagadh ar an doras. Ag cnagadh go tréan. An bhean béal dorais a bhí ann, Bean Uí Néill.

‘'Cad atá uait?’' Go crosta a labhair Alex léi. Níor thaitin Bean Uí Néill leis. Bhí a lán feairíní ina gairdín – rudaí amaideacha, cosúil le bréagáin.

Bhí na feairíní anseo is ansiúd sa ghairdín, agus bhíodh Bean Uí Néill buartha go leagfadh Alex lena liathróid iad.
I bhfad róbhuartha.

9
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 9

Scéalta