Nuair a d'imigh an luch baile abhaile tháinig an luch tuaithe leis. Thóg sé isteach é go dtí an lardrús a bhí lán de phlúr, mil, dátaí, min choirce agus figí. Ní fhaca an luch tuaithe aon rud cosúil leis sin riamh agus shuigh sé síos chun taitneamh a bhaint as an bhféasta, ach sula raibh seans acu tosú ag ithe, osclaíodh doras an lardrúis agus tháinig duine éigin isteach.

Thug an dá luch ruathar amach as an lardrús agus isteach i bpoll beag míchompordach mar a d'fhan siad ar feadh tamaill. Ar ball, nuair a bhí gach rud ciúin, tháinig siad amach arís agus bhí siad ar tí ithe nuair a tháinig duine eile isteach agus b'éigean dóibh teitheadh arís. Ba leor sin don chuairteoir, níorbh fhéidir leis cur suas leis níos mó.

“Slán leat, a chara,” a dúirt sé, “tá mise ag imeacht. Maireann tú le gach só anseo ach tá gach sórt dainséir timpeall ort. Sa bhaile, ar a laghad, is féidir liomsa taitneamh a bhaint as mo dhinnéar simplí go síochánta.”

Scéalta