Bhí tine agus ola ag doirteadh ar an mbóthar. Tharraing na tiománaithe iad féin amach ar an mbóthar. Bhí na cosa ag imeacht uathu. Bhéic siad ar na daoine a bhí ag stánadh orthu.

‘'Imígí! Cúlaígí ón tine!’'

BÚM!!!

Aer te ag pléascadh. Daoine ag béicíl agus ag gol. Blúirí miotail ag titim ón spéir. Bhí na cosa ag imeacht ó Alex freisin.
Ansin chonaic sé bosca mór ag sciorradh ina threo, bosca a caitheadh amach as an
leoraí. Stop an bosca ar an talamh in aice leis.

Y-CHLUICHÍ. Consól agus trí chluiche nua.
‘'Iontach,’' arsa Alex leis féin go sásta.

Thóg sé an bosca agus d’imigh sé leis.

7
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 7

Scéalta