‘Tá do scoil millteach mór.’

Labhair Emily de chogar, cé nach raibh aon duine ag éisteacht leo.

‘Is dócha é.’

‘Nach bhfuil eagla ort go mbeidh tú i dtrioblóid?’ a d’fhiafraigh Emily ansin.

‘Níl, dáiríre,’ arsa Alex. ‘Bím i dtrioblóid i gcónaí ar aon nós.’
‘Ach cad faoin leabhar, nach gcuireann sé beagán eagla ort?’

Theastaigh ó Alex a rá nach raibh eagla ar bith air – díreach mar a deir buachaillí de ghnáth.
Ach d’fhéach Alex ar Emily agus chonaic sé go raibh sí ag faire mórthimpeall uirthi ar nós coinín scanraithe.

‘Tá brón ort gur tháinig tú liom, nach bhfuil?’ a d’fhiafraigh sé.

Sméid Emily a ceann, ag aontú leis.

‘Táimid gar don leabharlann anois,’ arsa Alex. ‘Agus tá an ceart agat, tá beagán eagla orm. Ach… Dáiríre, tá áthas orm gur tháinig tusa liom. Ba mhaith liom an draíocht sa leabhar a thaispeáint duit, fiú más draíocht chontúirteach í.’

30
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 30

Scéalta