Léim damhán alla mór millteach anuas ón tsíleáil agus stán sé ar Alex lena shúile feargacha. Chonaic Alex na fiacla gránna a bhí aige, agus an nimh a bhí ag sileadh astu. Chuimhnigh sé ar an bpictiúr a rinne sé sa leabhar - damhán alla mór gránna. Ach bhí an ceann seo i bhfad níos mó agus níos scanrúla. Bhí a chosa sínte amach aige chun breith ar Alex.

‘Argggghhhh!’ Scread Alex in ard a chinn agus é ag rith sé síos an staighre. Bhí an damhán alla ag rith ina dhiaidh de rúid.

Isteach leo sa seomra tosaigh. Bhí Mamó Tóibín fós ina suí ina cathaoir.

‘Bia?’ ar sí go dóchasach, agus í ag féachaint ar Alex. Shín seisean a mhéar i dtreo an damháin alla. Sheas a mhamó go tobann.

Thug an damhán alla féachaint amháin ar an zombaí. Chúlaigh sé amach as an seomra.

Lig Alex scread áthais. Ní raibh eagla air a thuilleadh.

‘Ó sea, a Mhamó! Tá sé in am bricfeasta, ceart go leor!’

‘Bricfeasta.’ Shiúil Mamó Tóibín go mall, spágach i dtreo an damháin alla, a lámha bána sínte amach chun breith air.

20
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 20

Scéalta