Ach go tobann thosaigh sé ag éisteacht. Bhí duine éigin ag insint dó go raibh sé saibhir.
Bheadh airgead a mhamó aige go luath. An leabhar sin arís!
D’imir an leabhar draíochta cleas air.
Scríobh Alex sa leabhar gur mhaith leis a bheith saibhir, ach ní raibh sé ag smaoineamh ar airgead a mhamó.

Mamó Tóibín bhocht. Bhí brón ar Alex go raibh sí marbh.
Ar an leabhar a bhí an locht, ar sé leis féin.
Thuig sé anois cén fáth a raibh gáire salach gránna cloiste aige sa leabharlann.
Bhí na daoine fásta ag iarraidh glaoch ar mham is ar dhaid Alex. Ach dúirt sé nach raibh uimhir ghutháin aige dóibh.
Theastaigh uaidh an saol a chur i gceart roimh dó labhairt lena thuismitheoirí.

‘A Alex, is féidir leat fanacht anseo anocht,’ arsa Bean Uí Néill, agus a lámha fáiscthe aici. ‘Agus amárach rachaidh tú i do chónaí i dteach speisialta do pháistí gan tuismitheoirí, go dtí go mbeidh do mham is do dhaid sa bhaile arís.’
Bhí Alex buartha. Ní bheadh cead aige cluichí ríomhaire a imirt go mall san oíche sa teach speisialta sin. Tháinig fearg air leis an leabhar. Ba mhaith leis a bheith saibhir, ach cleas gránna a bhí ann go raibh a mhamó marbh.
Chuaigh Alex go dtí an leabharlann ar maidin.
Bhí buachaill eile ina shuí ag léamh sa chúinne.

‘Éist, tusa! Imigh leat!’

12
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 12

Scéalta