A fhad is a bhí sé ag labhairt mar seo leis an bhfáinleog,
á pógadh arís is arís eile agus ag cuimilt a láimhe go grámhar dá sciatháin dhúghorma,
dá scornach bheag dhearg, agus dá brollach geal cluthar,
sheol éinín eile aneas agus thuirling ina n-aice.
D'éirigh an dá éan san aer ansin, agus is é an chéad áit eile ar luigh siad ina nead bheag féin
a bhí folaithe san eidheann a bhí ag fás go tiubh ar bhallaí an tí.
'Tá siad ar fáil sa deireadh, a mháithrín!' arsa Eoghainín, agus é ag rith isteach go lúcháireach. 'Tá na fáinleoga ar fáil sa deireadh! Tháinig péire anocht - an péire a bhfuil a nead os cionn m'fhuinneoigese. Beidh an chuid eile chugainn amárach.'
Chrom an mháthair agus theann sí léi é. Ansin chuir sí paidir chun Dé os íseal, ag gabháil buíochais leis as ucht na fáinleoga a sheoladh chucu. An lasair a bhí i súile an mhalraigh, chuirfeadh sí aoibhneas ar chroí máthar ar bith.
Ba shámh é codladh Eoghainín an oíche sin.

9
Eoghainín na nÉan

Leathanach 9

Scéalta