Tháinig na fáinleoga i ndiaidh a chéile anois - ina gceann is ina gceann ar dtús,
ina bpéire is ina bpéire ansin, agus faoi dheireadh ina scataí beaga.
Nach orthu a bhí an t-áthas nuair a chonaic siad an tseanáit arís!
An choill bheag agus an sruthlán ag gluaiseacht tríthi; an trá gheal ghainmheach;
na fuinseoga a bhí in aice an tí; an teach féin agus na sean-neadacha go díreach mar a d'fhágadar iad leathbhliain roimhe sin. Ní raibh athrú ar dhada ach amháin ar an mbuachaill beag. Bhí seisean níos ciúine agus níos míne ná a bhíodh. Ba mhinice ina shuí é ná ag rith leis féin ar fud na ngarraithe mar ba ghnách leis roimhe sin. Níor cluineadh ag gáirí ná ag gabháil fhoinn é chomh minic is a chluintí. Má thug na fáinleoga an méid seo faoi deara, agus ní abróinn nár thug, is cinnte go raibh brón orthu faoi.
Chuaigh an samhradh thart. B'annamh a chorraíodh Eoghainín amach ar an tsráid, ach é ina shuí go sásta ar mhullach na haille ag féachaint ar na fáinleoga agus ag éisteacht lena gceiliúr. Chaitheadh sé na huaireanta mar seo. Ba mhinic ann é ó mhoch na maidine gur tháinig an 'tráthnóna gréine buí'; agus ag dul isteach dó gach oíche bhíodh an-chuimse scéalta - scéalta áille iontacha - aige le hinsint dá mháthair. Nuair a cheistíodh sise é faoi na scéalta seo, deireadh sé i gcónaí léi gur ó na fáinleoga a d'fhaigheadh sé iad.

10
Eoghainín na nÉan

Leathanach 10

Scéalta