I gceann tamaill labhair Daid:
"Cé dhéanfaidh an treabhadh agus an fuirseadh nuair a bhuailfidh an aois mise?"
"Dhé, ní fál go haer é! Ná beidh Cáit againn agus ní bheimid gan chliamhain a oibreoidh an fheirm."
Thug siad tamall eile ag caint agus ansin d'imigh siad.
Is ar éigean d'fhéad mé féin teacht anuas an dréimire as phluais na mbithiúnach leis an suaitheadh a bhain an scéal nua asam. Chuaigh mé a chodladh gan aon ní a ligean orm.
Ar maidin nuair a chonaic mé Cáit: "Beidh mise i mo shagart," arsa mise.
Gháir Cáit. "Ní bheidh, a mhuise," ar sise, "ach beidh mise i mo bhean rialta."
"Cuir uait!" arsa mise; "fanfaidh tusa sa teach seo agus tabharfaidh Mam fámaire de chliamhain isteach chun tú phósadh, agus chun an treabhadh a dhéanamh do Dhaid. Níl dul as agat - tá sin socair i do chomhair ag Mam."
Chrom an óinsín ar ghol agus cé chloisfeadh í ach Mam.
"Cad é seo anois ort?" ar sise.
"Bu-hú!" arsa Cáit, "ní phósfaidh mise aon chliamhain-isteach!"
D'fhéach Mam uirthi agus ansin d'fhéach sí ormsa. Cheap me féin, am baic, gurbh fhearr rith maith droch-sheasamh, agus chuir mé díom suas go tigh Mháire Aindí. Máire agus Nell a bhí istigh.
"Ara, cad a thug chomh luath seo ar maidin tú?" arsa Nell.

112
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 112

Scéalta