Cabidil 12: Mar a Chuaigh Jimín le Sagartóireacht

Bhí Mam ar feadh coicíse agus ní fhéadfainn a dhéanamh amach cad a bhí ag gabháil di.
Ag machnamh a bhíodh sí, tá fhios agat, agus stadadh sí uaireanta i lár a cuid gnó agus bhíodh sí ag smaoineamh. Ansin uaireanta eile d'fheicinn ag caint le Daid í ach ní bhíodh á rá ag Daid ach—"Tá an ceart agat. Is agatsa is fearr 'fhios, a chroí."
Dhein mé mo dhícheall ach chuaigh díom a dhéanamh amach cad a bhí ar a haigne. Is de thionóisc a fuair mé fios an scéil sa deireadh.

Tá pluais bithiúnach agam féin agus ag Micilín, tá fhios agat, i lochta thigh na mbó againne. Mise Captaen na mbithiúnach. Bhí mé sa phluais tráthnóna ag feitheamh le Micilín nuair a ghabh Mam isteach thíos agus bhí sí ag caint le Daid, a bhí ag crú na mbó. Ní fada bhí siad ag caint nuair a thuig mé gur mé féin a bhí í gceist acu.
"Bainfidh sé deich mbliana de sula mbeidh sé ina shagart," arsa Mam.
Ní mór ná gur thit mé féin i láthair mo chos nuair a chuala an méid sin, a dhuine. Mise i mo shagart! Chuir an scéal mearbhall orm agus ní mór ná gur sceith mé orm féin.

111
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 111

Scéalta