"Mam a chuir an rith orm," arsa mise, "i dtaobh gur inis mé do Cháit
go raibh siad chun cliamhainisteach a fháil di"
"Ara, a bhligeáirdín, cad a chuir é sin i do cheann?" arsa Máire Aindí.
Chuir sé sin olc orm féin.
"Ní aon bhligeárd mé," arsa mise, "ach tá Mam chun sagart a dhéanamh díom, agus beidh sibh go léir ag tabhairt 'Father James' orm ansin, agus b'fhéidir nach dtabharfá bligeárd an uair sin orm."
"Mo ghrá-sa Dia!" arsa Máire, "ag magadh fúm atá tú."
"Níl aon bhréag ann," arsa mise, agus d'inis mé di gach aon ní.
Níor fhág mé aon ní istigh nár scaoil mé amach. Ní raibh leigheas agam air - ní fhanfadh an riach ruda istigh.
Sin é an locht mór atá ormsa, tá fhios agat, mé bheith i mo bhéal i leith Éireann. Ní cheilim aon ní ar aon duine ach ar Mham; ach faigheann sí sin fios ar mo ghnóthaí gan mise á n-insint in aon chor di.
Ní túisce bhí mo bhotún déanta agamsa ná bhí sé go léir inste ar fuaid an bhaile. Ní raibh an oíche ar fónamh ann nuair ghabh Máire Aindí isteach go dtí Mam.
"Mhuise, go gcothaí Dia daoibh é, an scéal maith," ar sise.
"Cad é an scéal?" arsa Mam.
"Jimín beag a bheith ag dul le sagartóireacht, bail o Dhia air," a dúirt Máire.

113
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 113

Scéalta