Cabidil 2: Broad a Mháthair ar Jimín agus an Bás a Thug Seisean don Mháistir

Is fada liom go mbeidh mé mór.
B'fhearr liom ná rud mhaith go mbeinn mór fásta, mar ansin ní bheadh gach aon duine sa mhullach orm faoi mar a bhíonn siad anois.
Is crua an saol a bhíonn ag buachaillí de mo shaghas-sa - ní féidir linn faic a bharra a dhéanamh nach mbíonn duine éigin ag bagairt orm, ina thaobh. An lá faoi dheireadh bhuail mé gandal Bheit Mhór sa leathcheann le cloich is ghearán Beit le mo Mham mé.
Nuair d'imigh Beit abhaile cheistigh Mam mé féin. Dhein mé mo dhícheall á mhiniú di nach leis an ngandal a bhí mé ag caitheamh na gcloch in aon chor ach le Micilín Eoin, agus gurbh amhlaidh a tháinig an gandal sa tslí orainn. Ach, a mhic ó, rug Mam orm agus thug sí léasadh dom i dtaobh bheith ag caitheamh cloch in aon chor!
Ar chuala tú riamh a leithéid sin? Deirim leat gur dhíol mé as an ngandal.
Ní stadann siad sa bhaile ach ag gabháil dom go mbíonn mo chroí briste. Caithim an mhóin a bhreith isteach agus an t-uisce, agus caithim prátaí an dinnéir a phiocadh sa tigh amuigh.

7
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 7

Scéalta