Tháinig sí don doras.
"'Jimín!" ar sise, agus ní go grámhar é.
"Geo'-se 'mach!" arsa mise leis na gamhna.
"Jimín, a deirim leat," ar sise arís.
Bhí, an dtuigeann tú, fonn agus faitíos orm féin agus níor fhéad mé m'aigne a shocrú tapaidh mo dhóthain.
Níor dhein sin do mo mháthair é.
Thug sí sciúird fúm. Bhí fiarshúil agamsa ar an doras ar feadh na haimsire - bhí drochiontaoibh agam aisti, a dhuine - agus chonaic mé chugam í.
As go brách liom, a mhíc ó, agus mé ag caitheamh grin ó mo shála!
Lean sí tamall mé ach bhí mise ag breith liom uaithi!
B'éigean di éirí as an bhfiach.
Tríd an bhfuinneoig a chuaigh mé isteach abhaile ina dhiaidh sin agus bhí mé sa leaba nuair a tháinig Mam do mo chuardach arís.
Bhí mé i mo chodladh, mar dhea, nuair d'fhéach sí isteach mar a raibh mé.
Níor dhein sin do Mham é.
"An ndúirt tú do phaidreacha?" ar sise.

Nach maith bhí a fhios aici gur dhearmad mé an oíche sin iad leis an meascán mearaí bhí orm. B'éigean dom preabadh amach arís agus dul ar mo dhá ghlúin agus iad a rá.
Níor tháinig Mam agus mé féin chun muintearais lena chéile go ceann seachtaine tar éis an chíste a ithe. Níor ghá leath an mhurdail. Nár cheart císte milis a thabhairt do bhuachaill bocht a bhíonn sa bhaile i gcónaí chomh maith is a thabharfaí d'inín Mháire Aindí é toisc í theacht abhaile ó Bhaile Átha Cliath?

6
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 6

Scéalta