Má bhím, ansin, ag imirt póiríní dom féin, nó ag caitheamh cnaipí ar an spric, bíonn béic agus fiche orm go mbíonn an
bhó bhradach sa chabáiste, agus caithim cur díom.
Ní dóigh liom go mbeifí sásta gan an bhó sin a bheith ag dul sa gharraí mura mbeadh aon rud eile ach chun Jimín bocht a chrá.
Ní fheadar mé cad chuige ar cuireadh máithreacha ná aithreacha ar bhuachaillí in aon chor.
Ach dá mbeinnse mór aon uair amháin ní bheinn i mbun bó ná gamhain a thiomáint; ná ní choinneoinn an snáithín chun é thochrais; ná ní rachainn Ie cearc ghoir go tigh m'aintín; ná ní bheinn ag foghlaim ceachtanna ar cheann an bhoird.
Níor chráigh riamh mé ach na ceachtanna cráite céanna. Ní bhíonn aon dul uathu agam aon oíche.
"A Jimín, a deir Mam gach oíche liom, "ar scríobh tú do cheacht anocht?"
Thriail mé aon turas amhain a rá nár thug an Máistir aon rud dúinn le déanamh sa bhaile; ach am briathar, a mhic ó, gur chuir sí ceist ar Mhicilín Eoin anseo amuigh agus sceith an spreasán orm.
Ní raibh 'fhios agam aon ní gur tharraing Mam chuici an tslat den chúl-lochta agus thug fúm trasna na lorga. Ní raibh agamsa ach cur díom suas don seomra agus amach tríd ar bhfuinneoig i mbinn an tí.
Chuaigh mé ansin ar lorg Mhicilín Eoin, ach ní ligfeadh eagla dó teacht amach chugam. D'iarr mé air teacht amach chun go mbrisinn a phus, ach ní thiocfadh.

8
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 8

Scéalta