Sin é an chúis go bhfuil Jimín Máire Thaidhg ormsa.
Rugadh mé fadó - fadó.
Ní cuimhin liomsa cathain ach deir Sean-Bhríd go bhfuil trí bliana déag ó shin ann.
Sean-Bhríd féin a fuair mé sa bhfeamnaigh ag barr taoide.
Bhí sceitimíní orthu go léir i mo thaobh. Bhí mé ag béicigh i mo dhícheall.
Thagadh mná an bhaile go léir isteach agus bhídís ag féachaint orm.

"Is breá an t-uchtach atá aige, bail ó Dhia ar an leanbh!" a deireadh Peig Neans.
"'Mhuiricín!" a deireadh Síle Eoin, "nach baileach a thug sé dhá shúil Sheana-Thaidhg leis?"

2
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 2

Scéalta