Cabidil 1: Mar 'Tháinig Jimín ar an Saol agus mar Chuir sé Dúil i gCíste Milis

An Máistir a dúirt liom é seo a scríobh. Cuntas a scríobh mar gheall orm féin sin é a dúirt sé a bhí uaidh. Ní fheadar cad ab áil leis dá leithéid sin. Ach tá sé chomh maith agam tosú ar an gcuntas úd. Ní fheadar i gceart cá dtosóidh mé. Dúirt an Máistir liom m'ainm a chur síos ar dtús; ach ní féidir dom anois é a chur síos ar dtús mar tá barr an pháipéir seo lán.

Cuirfidh mé anseo é: Jimín Mháire Thaidhg. Is mise Jimín. Tá ainm eile, leis, orm: Séamas Ó Breasail. Sin é an t-ainm atá ar mo Dhaid; ach ní thugann aon duine a ainm sin ormsa ach ainm mo Mham. Is í Máire Thaidhg mo mháthair, tá fhios agat.
Is iontach an duine Mam. Bíonn eagla orainn go léir roimpí. Tá sí ina máistir ar an teach. Ní bheifeá cúig nóiméad inár dteachna nuair a bheadh fhios agat gurb í Mam bun agus barr gach aon ní.

1
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 1

Scéalta