"Grá Dé, 'óinsín!" a deireadh Máire Aindí, "an caoch atá tú?
Nach bhfeiceann tú gur Breasalach cruthanta é. Nach shin iad dhá shúil a athar aige, agus an gheanc bheag sróine?"
"Gabhaimse orm gur lena mháthair atá dealramh aige," a deireadh Síle.
"Narab ea;" a deireadh Máire Aindí, "is é a athair ina chruth aonair é."

Bhí na mná ag éirí míshásta lena chéile gur labhair Beit Mhór agus dhein spior-spear den scéal.
"Pé duine gur dealraitheach leis é," ar sise, "is caithiseach an leanbh é, bail ó Dhia air."

Ní cuimhin liomsa na rudaí sin a thitim amach in aon chor. Sean-Bhríd d'inis dom iad.
Is í bhí ag tabhairt aire dom agus mé an-bheag de réir dealraimh, mar is í thug chucu mé an chéad lá.

3
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 3

Scéalta