Bhí Chloe fós ag faire ar an méid a tharla. Bhí sí i bhfolach taobh thiar de sceach in aice leis an gcaisleán. Líon a súile le deora. Bhí uafás uirthi faoin rud a chonaic sí. Rinne an prionsa froganna de na daoine! Bhí sé cruálach, gránna, gangaideach. Agus bhí cuid den locht uirthise.
Bhí brón an domhain uirthi faoin scéal ar fad. Ach stop sí dá gol tar éis tamaill. Ní raibh maith ar bith le gol, a dúirt sí léi féin. Bhí uirthi a misneach a choimeád. Bhí uirthi an leabhar a fháil ar ais agus muintir an bhaile a thabhairt slán.
D’fhéach Chloe ar an gcaisleán go cúramach. Léim a chroí nuair a thug sí faoi deara go raibh an dragún ag stánadh uirthi. An rithfeadh sé ina diaidh? Bhí fiacla fada géara ina bhéal. Bheadh sé an-éasca dó í a alpadh agus a ithe. Ba mhór an faoiseamh é nár chorraigh sé. Lig sé osna throm agus luigh sé síos os comhair an dorais. Bhí sé brónach, cráite, dar le Chloe.

22