D’fhan sí i bhfolach taobh thiar den sceach. Bhí an tráthnóna ag teacht agus an ghrian ag imeacht ón gcoill nuair a chonaic sí buíon ceoltóirí ar a slí go dtí an caisleán. Bhí trucailí acu lán le huirlisí ceoil agus le héadach ildaite. Chonaic sí trumpaí móra práis agus chuala sí plátaí ag cleatráil ina gcuid boscaí.
‘Heileo, a dhragúin.’ Sheas fear suas ar a thrucail agus labhair sé go stadach. ‘Chuir an prionsa fios orainn. Dúirt sé linn a rá leatsa an cloigín ar an ngeata a bhualadh.’
Ní raibh mórán ar eolas ag Chloe faoi dhragúin. Ach cheap sí arís eile go raibh an dragún seo míshásta. Go brónach, gruama a shín sé amach a chrúba chun tarraingt ar rópa. Chuala sí cloigín ag bualadh thuas in airde sa chaisleán. Tháinig an Prionsa Antinous go dtí an fhuinneog.

23