‘An é seo atá uaibh?’
Bhí an Prionsa Antinous thuas ar dhíon an chaisleáin, ina sheasamh ar thúr ard. Shín sé amach agus scairt sé ar an slua. D’ardaigh sé an leabhar agus chroith sé san aer é. Ansin chuir sé síos as radharc é.
Níor thug aon duine freagra air. Bhí siad in ísle brí agus iad ag féachaint ar an dragún fíochmhar.
‘Tagaigí agus faighigí é!’ a scairt an prionsa go magúil. Ní raibh Chloe in ann é a fheiceáil go maith ach bhí sí cinnte go raibh sé ag gáire fúthu.
D’fhéach an t-aoire ar an gcaisleán. D’fhéach sé ar an dragún ollmhór dearg ag an ngeata. Chroith sé a cheann agus labhair sé go ciúin.
‘Níl seans ar bith againn.’
‘Ní féidir linn an leabhar a fháil ar ais,’ arsa an sagart, ‘nuair atá an créatúr uafásach seo ag gardáil an chaisleáin.’
Chas muintir an bhaile ón gcaisleán agus iad réidh le dul abhaile.
‘Hé, fanaigí nóiméad!’ a ghlaoigh an prionsa síos orthu óna thúr. Ansin d’imigh sé as radharc.
Cad a theastaigh ón bprionsa? An raibh sé ar a bhealach anuas ón túr chun labhairt leo? B’fhéidir go n-éistfeadh sé leo. Bhí rud beag dóchais ag gach duine. Nóiméad amháin a lean an dóchas. Ansin d’imigh an slua as radharc. Scata froganna a bhí ina n-áit, agus iad ag grágaíl lena chéile go brónach.
‘Grág!’ arsa frog amháin.
‘Grág grág!’ a d’fhreagair ceann eile. Agus phreab siad ó chos go cos go cráite.

21