Ghluais an scuaine go han-mhall i dtreo an teampaill. Sa bhaile bhíodh giollaí ag rith anseo is ansiúd ag freastal ar an bPrionsa Antinous. Dar leis go raibh sé aisteach, míshásúil a bheith cosúil le gach duine eile.
Faoi dheireadh shiúil sé isteach sa seomra ina raibh an leabhar mór ag an sagart. Thuig an prionsa láithreach gur leabhar iontach draíochta a bhí ann. Bhí an clúdach dearg go hálainn, bhí litreacha órga air agus bhí na leathanaigh an-tiubh. Agus bhí an leabhar fós oscailte ar an gcéad leathanach. Ba chuma cé chomh minic a scríobhadh daoine a gcuid mianta sa leabhar, d’fhanadh an chéad leathanach bán i gcónaí. D’imíodh na focail agus bhíodh spás sa leabhar i gcónaí le mianta nua a scríobh.

10