Chuir na páistí moill ar thuras an phrionsa. Ansin líon an bóthar le caoirigh. Bhí na hainmhithe ina seasamh i lár an bhóthair. Ní raibh deifir ar bith ar an aoire iad a stiúradh as an mbealach. Chuir seo fearg as an nua ar an bprionsa.
‘Hé, tusa, a aoire! Fág an bealach, is prionsa mise!’
Rinne an t-aoire gáire leis an bPrionsa Antinous. ‘Cén deifir atá ort?’
‘Ná labhair le duine uasal mar sin. Bog do chuid ainmhithe as mo bhealach anois díreach.’
D’fhéach an t-aoire go fuarchúiseach ar an bPrionsa Antinous. ‘Anseo i Scheria is mar a chéile aoire agus rí. Níl aon difríocht eadrainn.’ Agus chas sé a dhroim leis an bprionsa.
‘A leithéid de dhrochbhéasa! Ní dhéanfaidh mé dearmad de seo, geallaim duit!’ Theastaigh ón bPrionsa Antinous an t-aoire a bhrú as a bhealach. Theastaigh uaidh glaoch ar a ghiollaí cabhrú leis ach bhí siadsan ag an teampall ag fanacht leis. Bhí na caoirigh fós i lár an bhóthair agus bhí eagla ar chapall an phrionsa dul ina measc. Bhí ar an bprionsa iad a leaúint go mall. Bhí sé ag díoscadh a chuid fiacla go crosta, mífhoighneach.
Nuair a shroich sé an teampall faoi dheireadh, rinne sé a dhícheall meangadh deas béasach a chur ar a bhéal. Rinne sé a dhícheall seasamh go humhal, rud nach raibh éasca. Ach ní raibh aon duine sa scuaine ag féachaint air. Ní raibh suim ar bith acu ann.

9