Chuir an sagart fáilte roimhe agus meangadh mór ar a bhéal.
‘Tar isteach, a chara, suigh síos agus inis dom cad é do mhian.’
Shuigh an Prionsa Antinous ag an mbord galánta agus é ag féachaint ar an leabhar. Bhog sé a chathaoir isteach chuig an mbord. Bhí sé in ann a lámh a chur ar an leabhar.
‘Ba mhaith liom a bheith in ann léamh agus scríobh.’
‘Ó, go hiontach,’ arsa an sagart go sásta. ‘Is mian an-mhaith í sin.’
Scríobh an sagart mian an phrionsa amach go cúramach. Ach nuair a d’fhéach sé ar ais ar an bprionsa, tháinig eagla air. Thuig sé go raibh rud éigin cearr.
‘Go raibh maith agat.’ Sheas an prionsa agus sciob sé an leabhar. Bhí an sagart aosta agus an prionsa láidir. Ní raibh seans ar bith ag an sagart.
‘Cuir stop leis!’ a bhéic an sagart. ‘Tá an leabhar aige! Cabhraigh liom!’
Rith daoine isteach sa seomra. Chuala cuairteoirí sa teampall an sagart ag béicíl. Ach ní raibh siad in ann cabhrú leis. Tháinig giollaí an phrionsa isteach sa seomra agus claíomh ina lámha ag gach duine díobh. Ghardáil siad é agus shiúil an prionsa amach as an áit go dána.

11