Tháinig tráthnóna aoibhinn i ndeireadh an Aibreáin. Bhí an t-aer glan fionnuar tar éis múir bháistí.
Bhí solas iontach sa domhan thiar. Bhí séis cheoil ag an éanlaith sa choill.
Bhí duan á chanadh ag na tonnta ar an trá.
Ach bhí uaigneas ar chroí an mhalraigh agus é ag fanacht leis na fáinleoga.
Cluineadh go tobann glór nár cluineadh san áit sin le tuilleadh agus leathbhliain.
Glór beag bídeach. Glór fann fíorbhinn.
Ceiliúr mear meidhreach, agus é neamhchosúil le haon cheiliúr eile dá dtagann ó ghob éin. Le luas lasrach thiomáin toirt bheag dhubh aneas. Í ag eitilt go hard san aer.

Dhá sciathán leathana láidre uirthi. Déanamh gabhláin ar a heireaball. Í ag gearradh na slí roimpi mar shaighead a chaithfí as bogha. D'ísligh sí go tobann, thiontaigh sí, d'éirigh arís, d'ísligh is thiontaigh arís. Ansin rinne sí caol díreach ar Eoghainín, í ag labhairt in ard a gutha, gur luigh is gur neadaigh sí i mbrollach an ghasúirín tar éis a taistil fhada ón Domhan Theas.
'Ó! mo ghrá thú, mo ghrá thú!' arsa Eoghainín, á tógáil ina dhá láimh is á pógadh ar an gcloiginnín dubh. 'Sé do bheatha chugam ó na críocha coimhthíocha! An bhfuil tú tuirseach tar éis d'aistir uaignigh thar tailte agus thar farraigí? Óra, mo mhíle míle grá thú, a theachtaire bhig álainn ón tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí! Cá bhfuil do chompánaigh uait? Nó céard a d'éirigh dhaoibh ar an mbóthar nó ce nach dtáinig sibh roimhe seo?'

7
Eoghainín na nÉan

Leathanach 7

Scéalta