Tháinig an mhaidin lá arna mhárach.
Bhí Eoghainín ina shuí go moch agus é ag faire amach ó mhullach na haille.
Tháinig an meán lae.
Tháinig an deireadh lae. Tháinig an oíche.
Ach, mo léan! Níor tháinig na fáinleoga.
'B'fhéidir go bhfeicfimis chugainn amárach iad,' arsa Eoghainín agus é ag teacht isteach go brónach an oíche sin.
Ach ní fhacadar.
Ná ní fhacadar chucu iad an lá ina dhiaidh sin ná an lá ina dhiaidh sin arís.
Agus 'séard a deireadh Eoghainín gach oíche ag teacht isteach dó:
'B'fhéidir go mbeadh siad chugainn amárach.'

5
Eoghainín na nÉan

Leathanach 5

Scéalta