Chonaic an mháthair nach raibh aon mhaith a bheith leis.
Chuaigh sí isteach go buartha.
Ghlan sí an bord is na cathaoireacha.
Nigh sí na scálaí is na miasa. Rug sí ar an scuab agus scuab sí an t-urlár.
Scól sí an túlán is na corcáin. Dheasaigh sí an lampa agus chroch ar an mballa é.
Chuir sí tuilleadh móna ar an tine. Rinne sí céad rud eile nár ghá di a dhéanamh.
Ansin shuigh sí os comhair na tine ag smaoineamh di féin. Tháinig píobaire na gríosaí amach agus thosaigh ar a phortcroíúil. D'fhan an mháthair cois teallaigh ag smaoineamh. D'fhan an gasúr beag ar a shuíochán aerach ag faire. Tháinig na ba abhaile ón gcoimín. Ghlaoigh an chearc chuici ar a héiníní. Chuaigh an lon dubh is an dreoilín is miondaoine eile na coille a chodladh. Coisceadh ar dhordán na gcuileog is ar mhéileach na n-uan.
D'ísligh an ghrian go mall go raibh sí in aice le bun na spéire, go raibh sí go díreach ar bhun na spéire, go raibh sí faoi bhun na spéire. Shéid gála fuar anoir. Leath an dorchadas ar an talamh. Faoi dheireadh tháinig Eoghainín isteach.
'Is baolach nach dtiocfaidh siad anocht,' ar seisean. 'B'fhéidir le Dia go dtiocfaidís amárach.

4
Eoghainín na nÉan

Leathanach 4

Scéalta