Ní cúram a rá gur chuir an chaint seo an-ionadh ar an máthair.
Níor labhair Eoghainín mar sin léi riamh roimhe. B'fheasach di gur chuir sé an-suim
san éanlaith agus gur iomaí uair a chaitheadh sé sa choill nó cois trá 'ag caint leo' mar a deireadh sé.
Ach níor thuig sí cén fáth a mbeadh fonn chomh mór sin air na fáinleoga a fheiceáil chuige arís.
D'aithin sí ar a aghaidh, chomh maith lena ghlórtha béil, go raibh sé ag síor-smaoineamh ar rud éigin a bhí ag déanamh imní dó. Agus tháinig roinnt míshuaimhnis ar an mbean chroí í féin, ní nach ionadh. 'Ar ndóigh, is aisteach an chaint ó pháiste í,' ar sise ina hintinn féin. Níor labhair sí smid os ard, áfach, ach í ag éisteacht le gach focal dá dtáinig amach as a bhéal.
'Tá mé an-uaigneach ó d'fhága siad mé sa bhfómhar,' a deir an gasúr beag arís,
mar dhuine a bheadh ag caint leis féin. 'Bíonn an oiread sin acu le rá liom.
Ní hionann iad agus an chéirseach nó an gealbhan buí a chaitheas bunáite
a saoil cois an chlaí sa ngarraí. Bíonn scéalta iontacha le n-aithris acu i dtaobh na gcríoch a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí iontu, agus i dtaobh na bhfarraigí fiáine san áit a mbáitear na loingis agus i dtaobh na gcathracha aolgheala a mbíonn na ríthe ina gcónaí iontu. Is fada fada an bealach é ón Domhan Theas go dtí an tír seo: feiceann siad chuile rud ag teacht dóibh is ní
dhéanann siad dearmad ar thada. Is fada liom uaim iad.'
'Tar isteach, a ghrá ghil, is téir a chodladh. Préachfar leis an bhfuacht thú má fhanair amuigh i bhfad eile.'
'Gabhfaidh mé isteach ar ball beag, a mháithrín. Níor mhaith liom iad a theacht agus gan mé anseo le fáilte a chur rompu. Bheadh ionadh orthu.'

2
Eoghainín na nÉan

Leathanach 2

Scéalta