Comhrá a tharla idir Eoghainín na nÉan agus a mháthair tráthnóna earraigh roimh dhul faoi don ghrian.  
An chéirseach  agus an gealbhan buí a chuala é agus (de réir mar a mheasaim) a d'inis do mo chairde, 
na fáinleoga, é. Na fáinleoga a d'inis an scéal domsa.
  'Teara uait isteach, a pheata. Tá sé ag éirí fuar.'
  'Ní fhéadaim corraí go fóill beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht leis na fáinleoga.'
 'Cé leis, a mhaicín?'
  'Leis na fáinleoga. Tá mé ag ceapadh go mbeidh siad anseo anocht.'
 Bhí Eoghainín in airde ar an aill mhór a bhí láimh le binn an tí, é socraithe go deas ar a mullach agus cúl bán a chinn le bun na fuinseoige a bhí á foscadh. Bhí a cheann crochta aige, agus é ag breathnú uaidh ó dheas. D'fhéach a mháthair suas air. B'fhacthas di go raibh a chuid gruaige ina hór buí san áit a raibh an ghrian ag scalladh ar a chloigeann.
  'Agus cé as a bhfuil siad ag teacht, a linbh?'
  'Ón Domhan Theas - an áit a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Tá mé ag fanacht leo le seachtain.'
  'Ach cá bhfios duit gur anocht a thiocfas siad?'
 'Níl a fhios agam, ach mé á cheapadh. Ba mhithid dóibh a bheith anseo lá ar bith feasta. Is cuimhneach liom gur cothrom an lae inniu go díreach a tháinig siad anuraidh. Bhí mé ag teacht aníos ón tobar nuair a chuala mé a gceiliúr - ceiliúr binn meidhreach mar a bheidís ag rá: “Tá muid chugat arís, a Eoghainín! Scéala chugat ón Domhan Theas!'' - agus ansin d'eitil ceann acu tharam - chuimil a sciathán de mo leiceann.'
 
    Leathanach 1