‘Go sábhála Dia sinn!’ ar sise léi féin nuair a chonaic sí é seo. ‘Tá sé ag cur i gcéill go bhfuil sé ina shagart agus é ag léamh Aifrinn! Sin í culaith an Aifrinn atá air, agus ’sé an leabhar beag Gaeilge Leabhar an Aifrinn!’
Ní áibhéil a rá go raibh Nóra scanraithe. Tháinig sí ar ais don chisteanach agus shuigh os comhair na tine. Ní raibh a fhios aici céard ba cheart di a dhéanamh. Bhí sí idir dhá chomhairle cé acu ba chóra di Páraic a chur trasna a glúine agus greasáil mhaith a thabhairt dó nó dul ar a dhá glúin roimhe agus a bheannacht a iarraidh!
‘Cá bhfios dom,’ ar sise léi féin, ‘nach peaca uafásach dhom ligean dó aithris a dhéanamh ar an sagart mar sin? Ach cá bhfios dom, ina dhiaidh sin, nach naomh as na Flaithis atá sa teach agam? Agus, ar ndóigh, ba mhillteach an peaca é lámh a leagan ar naomh! Go maithe Dia dhom é, is minic a d’fhág mé rian mo mhéar air cheana! Ní mé ar pheaca dhom é? Tá mé i dteannta, go cinnte!’
Níor chodail Nóra néal an oíche sin, ach ag cur na ceiste seo trí chéile.

8
An Sagart

Leathanach 8

Scéalta