Níor lig an mháthair uirthi go raibh sí ag cur aon suime ann. Ach, tar éis cúpla nóiméad, d’oscail sí doras an tseomra go ciúin, agus sháigh barr a sróine isteach. Níor thug Páraic faoi deara í, ach bhí amharc aicise ar gach a raibh ar siúl sa seomra. B’aisteach an t-amharc é. Bhí Páraic ina sheasamh in aice an bhoird, agus é gléasta sa léine arís. Os a chionn seo amuigh, siar thar a ghuaillí, bhí sé ag feistiú cóta dheirg lena mháthair, a bhíodh ar crochadh ar an mballa aici. Nuair a bhí sé seo cóirithe i gceart air, thogh sé amach an leabhar ba mhó dá raibh aige ina mháilín – ‘An Dara Leabhar’ a bhí ann, creidim – d’oscail é, agus leath os a chomhair ar an mbord é, ina leathluí leis an scáthán. Ansin a thosaigh na gothaí dáiríre. Sheas Páraic ar aghaidh an bhoird amach, d’fheac a ghlúin, choisric é féin, agus thosaigh air ag paidreoireacht os ard. Ní go maith a bhí Nóra in ann é a thuiscint, ach, de réir mar a cheap sí, bhí Laidin agus Gaeilge measctha trína chéile aige, agus bhí corrfhocal aige nár chosúil le Laidin ná leGaeilge. Babhta amháin b’fhacthas di go gcuala sí na focail ‘Fromsó, Framsó’, ach ní raibh sí cinnte. Dá mhéid ionadh dá raibh ar Nóra faoin obair seo, ba sheacht mó an t-ionadh a bhí uirthi nuair a chonaic sí Páraic ag umhlú, ag bualadh a uchta, ag pógadh an bhoird, ag ligean air go raibh sé ag léamh urnaithe Laidine as an ‘Dara Leabhar’, agus ag imirt gach cleas ab aistí ná a chéile. Níor thuig sí i gceart céard a bhí ar bun aige gur thiontaigh sé thart agus dúirt: ‘Dominus vobiscum!’

7
An Sagart

Leathanach 7

Scéalta