Seo anois í ag baint di a cuid éadaigh féin go deifreach.
Chaith sí a gúna agus a cóitín beag agus a léine isteach i gcófra a bhí faoin mbord.
Chuir sí léine Chuimín uirthi féin. Sháigh sí a cosa isteach sa bhríste agus tharraing aníos uirthi féin é. Chuimhnigh sí ansin nach raibh gealas ná crios aici. B’éigean di crios a dhéanamh as seanphíosa corda.
Chuir sí an chasóg uirthi féin. D’fhéach sí sa scáthán agus gheit sí. Is amhlaidh a shíl sí go raibh Cuimín os a comhair! D’fhéach sí thar a gualainn ach ní fhaca sí aon duine. Is ansin a chuimhnigh sí gurb í féin a bhí ag féachaint uirthi féin, agus rinne sí gáire. Ach má rinne féin bhí sí beagán scanraithe. Dá mbeadh caipín aici anois bhí sí réidh chun bóthair. Is ea, bhí a fhios aici cá raibh seanchaipín le Cuimín. Fuair sí é agus chuir ar a ceann é. Slán beo anois leis an seansaol agus céad fáilte roimh an saol nua!
Nuair a bhí sí ag an doras thiontaigh sí ar ais agus théaltaigh anonn go dtí an cliabhán. Bhí an leanbh ina shámhchodladh. Chrom sí agus thug póg don naíonán, póigín beag éadrom isteach ar a mhala. Théaltaigh sí ar bharra a cos go dtí an doras, d’oscail go ciúin é, chuaigh amach ar an tsráid, agus dhún an doras go socair ina diaidh. Trasna na sráide léi, agus síos an bóithrín. Ba ghearr go dtug sí an bóthar di féin. Lasc léi ansin faoi dhéin an Turlaigh Bhig.

9
Na Bóithre

Leathanach 9

Scéalta