Ba mhinic a cheap Nóra an chomhairle sin di féin, ach níor lig an faitíos riamh di a cur i ngníomh.
Ní raibh fáil cheart aici riamh air.
Bhíodh a máthair sa teach i gcónaí agus ní túisce a bheadh sí imithe ná a d’aireofaí ar iarraidh í.
Ach bhí fáil aici anois. Ní bheadh éinne acu ar ais sa teach go ceann uaire an chloig ar a laghad.
Bheadh neart ama aici chun a cuid éadaigh a athrú agus imeacht i ngan fhios don tsaol. Ní chasfaí éinne uirthi ar an mbóthar ó bhí an pobal uile cruinnithe i dteach na scoile. Bheadh am aici dul chomh fada le hEiliúrach anocht agus codladh a dhéanamh sa gcoill. D’éireodh sí go moch maidin lá arna mhárach agus bhuailfeadh bóthar sula mbeadh éinne ina shuí.
Phreab sí den suístín. Bhí siosúr i ndrár an drisiúir. Níorbh fhada go raibh sí i ngreim sa siosúr agus snip sneap! ghearr sí di a cúl gruaige, agus an ghlib a bhí ar a mala, agus gach dual fáinneach dá raibh uirthi in aon ionsaí amháin. Dhearc sí uirthi féin sa scáthán.
A iníon ó! nach maol lom a d’fhéach sí! Bhailigh sí na fáinní gruaige den urlár agus chuir i bhfolach i seanbhosca iad. Anonn léi ansin go dtí an áit a raibh culaith ghlan bháiníní le Cuimín ar crochadh ar thairne. Síos léi ar a glúine ag cuardach léine le Cuimín a bhí i ndrár íochtair an drisiúir. Chaith sí an méid sin éadaigh ar an urlár in aice na tine.

8
Na Bóithre

Leathanach 8

Scéalta