Ach tráthnóna amháin nuair a bhí an tOireachtas ar lánsiúl sa halla mór i mBaile Átha Cliath, chonacadh bean tuaithe ag teacht isteach an doras, a cosa gearrtha gortaithe ag clocha crua an bhealaigh, a cuid éadaigh breactha le deannach is le smúr an bhóthair, agus í tugtha traochta sáraithe. Shuigh sí fúithi. Bhí daoine ag amhránaíocht ar an sean-nós. Glaodh ar Bhríd Ní Mhainnín ó Ros na gCaorach (mar bhí a hainm curtha isteach againne ar shúil go bhféadfaimis a cur ann). D'éirigh an tseanbhean, chuaigh suas, agus thosaigh ar 'Contae Mhaigh Eo'. Nuair a chríochnaigh sí, bhí an teach in aon rírá amháin le gártha, bhí sé chomh breá sin. Dúradh léi ceann eile a rá. Thosaigh sí ar 'Sail Óg Rua'. Ní raibh ach an chéad líne den dara ceathrú ráite aici nuair a tháinig míobhán éigin ina ceann. Stad sí agus thosaigh uirthi arís. Tháinig an míobhán uirthi arís, tháinig creathnú uirthi, agus thit sí i lagar ar an ardán. Tugadh amach as an halla í.

9
Bríd na nAmhrán

Leathanach 9

Scéalta