An dtuigeann tú, sin é a chuaigh i mo cheann an lá a raibh an rás mór naomhóg i gCuan an Duilisc
coicís ó shin. An-lá ba ea é, a dhuine. Chaith mé scilling is toistiún ar mhilseáin agus ar úlla.
Bhí Micilín Eoin in éineacht liom agus chaith sé scilling.
Ní fada le dul scilling is toistiún nuair a chaithfeá dhá phingin a thabhairt ar úll a mbeadh fochall ina lár; agus ní choimeádfadh scilling leathuair an chloig ag cogaint thú nuair a thabharfá ar mhilseáin í. Is millte an t-earra iad le daoire.
Bhí 'fhios agam ar maidin a ghiorracht a rachadh an t-airgead, ach ní ligfeadh scanradh dom aon phingin a iarraidh ar Mham, mar bheadh 'fhios aici cá mbeinn ag dul, agus ansin bheadh laincis liom. Ní maith le Mam rásaí naomhóg. Nuair nach raibh sí ag féachaint orainn thug Daid scilling dom gan fhios di.

92
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 92

Scéalta