Caibidil 10: Rás na Naomhóg i gCuan an Duilisc

Nuair a bheidh mise mór beidh mé i m'fhear naomhóige agus beidh mé ag rás
agus ní bheidh aon naomhóg in aon chuan i gCiarraí a thiocfaidh i ngiorracht scread asail dúinn;
agus beidh gach aon duine ag liúirigh agus ag rá "Up Jimín!"
Ach ní bheidh focal asamsa ach mé á ligean orm nach raibh aon ghaisce déanta agam, cé go mbeidh mé ag éisteacht leo á rá lena chéile - "Sin é Jimín Mháire Thaidhg - sin é an fear a bhuaigh a rás!" - agus iad do mo thaispeáint dá chéile.
Sin mar bheidh nuair a bheidh mise mór.

91
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 91

Scéalta