‘Chuaigh mé féin ar ais go dtí an teach ósta. Ní raibh Cóilín ann.
Cheisnigh mé fear an tsiopa. Dúirt sé gur fhág Cóilín agus an fear dubh an siopa le chéile cúig nóiméad tar éis imeacht dúinne. Chuardaigh mé an baile mór. Ní raibh scéal ná scuan faoi Chóilín in áit ar bith. D’fhág mé an baile mór agus lean mé na fir eile. Bhí súil agam go mb’fhéidir go mbeadh sé ar fáil romham. Ní raibh ná a thuairisc.
‘Bhí sé an-fhada san oíche nuair a shroich muid Droichead na Glaise Duibhe. Bhí solas I dteach Mhuirne. Bhí Muirne féin ina seasamh sa doras.
‘“Dia dhaoibh, a fheara,” ar sise ag gabháil thairsti dhúinn. “An bhfuil Cóilín libh?”
‘“Níl, muis,” arsa mise. “D’fhan sé inár ndiaidh in Uachtar Ard.”
‘“Ar dhíol sé?” ar sise.
‘“Dhíol, go maith,” arsa mise. “Chuile sheans go bhfanfaidh sé ar an mbaile mór go maidin. Tá an oíche dubh agus fuar inti féin. Nach mbeadh sé chomh maith agat dul isteach agus luí síos?”
‘“Ní fiú dhom,” ar sise. “Fanfaidh mé i mo shuí go dtige sé. Go luatha Dia libh.”
‘D’imigh linn. Bhí mar a bheadh ualach ar mo chroí. Bhí faitíos orm go raibh rud eicínt tar éis baint de Chóilín. Bhí drochamhras agam ar an bhfear dubh úd… Luigh mé ar mo leaba tar éis teacht abhaile dhom, ach níor chodail mé.

16
An Bhean Chaointe

Leathanach 16

Scéalta