“Cén sórt fir atá ionaibh,” arsa an fear dubh, “nó an fir atá ionaibh ar chor ar bith? Rugadh is tógadh mise i dtaobh tíre, agus m’fhocal daoibh nach ligfeadh fir na háite sin d’arm Shasana fré chéile seacht muirín a chaitheamh amach ar an mbóthar gan fios acu cén fáth. An bhfuil faitíos oraibh roimh an bhfear atá ag teacht anseo anocht?’
“Is furasta caint a dhéanamh,” a deir Cuimín, “ach cén chaoi is féidir linne stopadh a chur leis an mbodach?”
“É a mharú anocht,” arsa an guth taobh thiar dhíom. Baineadh geit as gach duine. Thiontaigh mé féin thart. Ba é Cóilín Mhuirne a labhair. Bhí a dhá shúil ag lonrú ina cheann, lasair ina leiceann, agus an cloigeann crochta go hard aige.
“Fear a labhair ansin, cibé ainm is sloinne é,” arsa an strainséara.
Chuaigh sé anonn is rug sé greim láimhe ar Chóilín. “Ól gloine liom,” ar seisean.
‘D’ól Cóilín an gloine. Níor labhraíodh a thuilleadh.
“Tá sé in am againn a bheith ag giorrú an bhóthair,” arsa Cuimín tar éis scaithimh bhig.
‘Bhogamar linn. Thugamar bóthar an bhaile orainn féin. Bhí an oíche dubh. Ní raibh fonn cainte ar dhuine ar bith againn. Nuair a tháinig muid go dtí ceann na sráide sheas Cuimín i lár an bhóthair.
“Cá bhfuil Cóilín Mhuirne?” ar seisean.
Níor airigh muid uainn é gur labhair Cuimín. Ní raibh sé sa gcomhluadar.

15
An Bhean Chaointe

Leathanach 15

Scéalta