Bhí mo chroí féin i mo bhéal agus mé te, agus mo lámha ar crith, ach nach bhfeadar cad a dhéanfainn.
Ba mheasa Micilín ná mé féin, agus bhí aghaidh bhán air.
Chonaic mé an tincéir arís agus é ar a chromadh ag éalu ó theach go teach sa bhaile agus rud éigin ar a dhroim aige.
Dúirt mé le Micilín ansin rith leis go ciúin agus cuid de chomrádaithe Thaidhg Óig a mhúscailt agus a bhreith leis chun go mbeiridís ar an spiaire. Siúd le Micilín agus d'imigh mé féin ag lamhacán laistiar den teach gur tháinig mé go dtí an seomra mar a mbíonn Tadhg ina chodladh. Bhí tairne i mo phóca agus chrom mé ar an ngloine a scríobadh leis agus ní fada gur tháinig Tadhg chugam.

77
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 77

Scéalta