Amach tríd an bhfuinneoig a chuaigh mé féin le smut de théadán a bhí ceangailte agam
de chois na leapa. D'fhéadfainn dul amach an doras gan aon téad, tá fhios agat,
ach ní bheadh aon ghaisce ansin.
Bhuail Micilín liom sa bhuaile agus chuaigh an bheirt againn soir trí na páirceanna go dtí an crosbhóthar. Bhí na tincéirí fós ann agus tine ar lasadh acu, agus rud éigin acu á róstadh. Fuair mé amach ó shin gurbh é bárdal Bheit Mhór a bhí acu. Nuair a bhí sé rósta d'ith siad láithreach é agus thug siad na cnámha do na leanaí beaga le cogaint.
Chuaigh an dream go léir a chodladh ansin ach an t-athair. Thug sé sin an t-asal leis agus chuir sé isteach i móinéar Pheats Teaimí é, agus in ionad dul a chodladh mar dhein an chuid eile, is amhlaidh a thug sé aghaidh siar ar na tithe arís.
Bhain sin preab asainn agus an bheirt againn i ndíg ag faire air.
"Hanaman scian, a Mhicilín," arsa mise, "spiaire!"
Chloisfeá croí Mhicilín ag bualadh agus a anáil á baint de. Siúd linn ina dhiaidh ag éalú.
Nuair a tháinig an tincéir in aice tí Mháire Aindí chuaigh sé ar éalú cois an chlaí agus é ag stad agus cluas air gach re nóiméad. Bhí adharc bheag den ghealaigh ann an oíche sin.
"Ag spiaireacht ar Thadhg Óg atá sé," arsa mise i gcogar le Micilín, nuair a chonaic mé an rascail ag dul isteach i measc na dtithe.

76
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 76

Scéalta