Nuair a bhí sé sin críochnaithe aici lean sí á bogadh féin anon is anall agus ag caoineadh go híseal. B’uaigneach an áit é a bheith sa teach iargúlta úd agus gan de chomhluadar agat ach an tseanbhean aonraic úd ag caoineadh go cumhach di féin cois na tine. Tháinig faitíos agus uaigneas orm agus d’éiríos i mo sheasamh.
‘Tá sé in am agam a bheith ag dul abhaile,’ arsa mise. ‘Tá an tráthnóna ag glanadh.’
‘Gabh i leith,’ ar sise liom.
Chuas anonn chuici. Leag sí a dhá láimh go mín ar mo chloigeann agus phóg sí clár m’éadain.
‘Ar choimrí Dé dhuit, a mhaicín,’ ar sise. ‘Go lige sé anachain na bliana thart agus go méadaí sé só agus sonas na bliana agatsa agus ag do chomhluadar.’
Leis sin lig sí uaithi mé. D’fhágas an teach agus ghreadas liom abhaile.
‘Cá raibh tú nuair a rug an múr báistí ort, a Chóilín?’ arsa mo mháthair liom an oíche sin. ‘Ní dhearna sé aon bhrí.’
‘D’fhan mé tigh na seanmhná údan taobh thoir de Dhroichead na Glaise Duibhe,’ arsa mise. ‘Bhí sí ag caint liom i dtaobh a mic.
Tá sé in Uachtar Ard le cúpla lá, agus níl a fhios aici tuige nár tháinig sé abhaile roimhe seo.’

9
An Bhean Chaointe

Leathanach 9

Scéalta