Nuair bhí an béile ite agam bhraith mé feabhas mór ar gach aon scéal agus bhíodh cuimhne Mham
ag imeacht uaim nó go bhféachainn ar an gcasóig eireabaill.
Dé réir mar bhí sé ag dul i ndéanaí, áfach, agus gur mhithid dom bheith ag dul abhaile
ní raibh mé in aon chor istigh liom féin. Bhí cuimhne Mham ag teacht thar n-ais chugam go han-soiléir ar fad. Níor shamhlaigh mé aon ní léi an uair sin ach 'Sceimhle mhór an Luain' a mbíonn Beit Mhór ag trácht air go minic, pé rud é.
Ach ní raibh aon dul uaidh agam, thuig mé, agus d'éirigh mé chun dul abhaile.

"Abhaile atá tú ag dul?" arsa Nell.
"Sea," arsa mise, go mímhisniúil.
"Ba bhreá bheith ag dul don chroich seachas é" arsa Tadhg Óg.
Gháir siad go léir. D'fhéach mé anonn ar Nell.
"Mhuise, beannacht Dé duit! agus téanam ort i mo theannta féachaint an bhféadfá faobhar mo mháthar a chur díom," arsa mise léi.
Is dócha gur thuig sí an cás crua a bhí orm. Phreab sí.
"Mhuise am briathar go rachaidh mé," ar sise.
Tháinig oiread bó de chroí dom, a dhuine. Bhí Máire Aindí ag gáire faoin scéal.
Nuair a bhíomar ag imeacht, arsa Tadhg Óg:
"Arbh aon cabhair mise dhul in bhur dteannta?" agus d'fhéach sé ar Nell.

58
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 58

Scéalta