"Cad dúirt do Mham leat nuair a chonaic sí thú?" arsa Nell.
"Ní fhaca sí fós mé," arsa mise, "mar nach raibh mé sa bhaile chuige."
"Agus an amhlaidh atá eagla ort dul?" arsa Nell.
"Ba mhaith an ceart dó," arsa Tadhg, agus d'inis sé dóibh cad d'imigh ar Thadhg Learaí Bhig.
"Agus dá mhéad an néall a bhí uirthi nuair chonaic sí gúna Cháit ar Thadhg beag, tháinig an t-olc ar fad uirthi nuair a bhraith sí casóg agus hata a hathar imithe!" arsa Tadhg Óg.
Bhí 'fhios agam féin gur mar sin a bheadh, leis, gan Tadhg Óg á insint dom in aon chor. Bhraith mé mo chraiceann greadta, scólta cheana féin ón mbualadh a bhíothas chun a thabhairt dom.
"Ní gá di in aon chor bheith chomh crua sin ar bhuachaill bocht," arsa Nell. Ba mhaith í Nell.
"B'fhéidir nár ith tú aon dinnéar inniu, leis," ar sise.
Bhí 'fhios agam go raibh Nell tuisceanach agus go leanfadh sí ag tathaint orm go gcaithfinn rud éigin.
"Ó!" arsa mise, "níl aon ocras orm."
Bhí, an dtuigeann tú, ach ní ligfeadh náire dom é rá.
"Mara bhfuil féin b'fhéidir go n-íosfá píosa de chíste Nollag."
Bhí mé i gcás crua—ní fhéadfainn a rá go n-íosfainn agus níor mhaith liom a rá nach n-íosfainn. Ach bhí Nell tuisceanach. Chuaigh sí agus thug sí chugam canta mór de bhairín bhreac agus muga bainne. Nuair a bhí mé á ithe dúirt mé liom féin gurbh í Nell an duine ba thuisceanaí dár bhuail riamh liom.

57
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 57

Scéalta