Níorbh fhada, áfach, gur stad an ceol go tobann agus chonaic mé ag brú a chéile sa doras arís
iad ag iarraidh teacht amach. Stad siad taobh amuigh agus bhí siad ag féachaint
an doras isteach ar rud éigin a bhí ar siúl istigh ach ní leomhfadh aon duine acu dul ró-ghairid don doras.
"Mam arís, déarfainn" arsa mise, agus thug mé mo bhuíochas do Dhia gur fhan mé óna crúcaí.
Níorbh fhada dom go bhfaca mé mo dhuine, Tadhg Learaí Bhig, ag teacht an doras amach chun na coda eile agus dóbair go dtitfinn nuair a chonaic mé an íde bhí air. Ní raibh d'éadach ná de chulaith an Dreoilín air ach an méid nár le Cáit seo againne.
Aon lá dá chuimhne níor tháinig dom, agus mé ag cur na coda eile go dtí an teach, go n-aithneodh Mam gúna Cháit ar Thadhg.
Bhí Tadhg ag pusaíl ghoil agus a lámh trasna a shúl aige leis an náire. Bhí trua agam do ach, ar m'fhalaing, nuair chonaic an bhreill a bhí air agus an dá bhróig mhóra á dtarraingt ina dhiaidh aige ag teacht chugam sa bhóithrín, níor fhéad mé gan bheith ag gáire. Nuair chonaic Tadhg mé ag gáire tháinig olc air.
"Fág sin uaim," ar seisean, "is tusa fé, ndearna é," agus bhí an gol agus an fhearg á thachtadh. Rug sé ar na clocha sa bhóithrín agus bhí sé á rúscadh liom agus gach aon liú goil aige.
Phléascamar go léir ag gáire. "Hí-ú, cosa buí arda!" arsa sinne.

53
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 53

Scéalta