‘Míle fáilte romhaibh,’ ar sé go cairdiúil.
Sméid Dylan a cheann agus d’fhreagair Clíona é. ‘Heileo, cé tusa?’
‘Nach mise Merlin?’
‘An draoi?’ Chúlaigh Dylan coiscéim. ‘An té a chabhraigh le hArtúr a bheith ina rí?’
‘Is maith ráite é, mar sin í an fhírinne.’ D’fhéach Merlin ar an bpictiúr den Rí Artúr. ‘Ach is trua nach bhfuil mórán fírinne san ealaín seo. Pé fear atá ar an gcapall sa phictiúr, ní hé mo chara óg é.’
Dhruid Clíona in aice le Merlin chun féachaint i gceart air. Bhí dreach sách bocht air mar dhraoi cáiliúil. Ach b’fhéidir go raibh na héadaí cuí air, éadaí den sórt a bhí ann fadó, nuair nach mbíodh zipeanna ná cnaipí miotail ar fáil.
‘Cruthaigh dúinn gur tusa Merlin.’
Ba chosúil nár thuig Merlin í.
‘Déan rud éigin draíochta dúinn,’ arsa Clíona.
Tharraing Merlin a anáil go tréan.
‘Ní mise a dhéanfaidh, ní anseo, ní anois. Tá an draíocht imithe as an saol.’
‘Ach cad faoin gclaíomh?’ arsa Dylan. ‘Tharraing Clíona an claíomh ón gcarraig. Is draíocht é sin!’
Thóg Merlin an claíomh amach as an gcás agus d’ardaigh sé faoi sholas an choinnleora é. D’fhéach sé ar an lann lonrach ar bhealach chomh caoin, cneasta gur théigh croí Chlíona leis.

32