Ní dúirt siad tada ar feadh tamaill. Chas Clíona cruinneog mhór. Bhí dath bándearg ar a lán de na tíortha uirthi.
‘An bhfuil tú neirbhíseach faoin ócáid amárach?’ a d’fhiafraigh Dylan.
‘Beagán.’
‘Ní chaithfidh tú é a dhéanamh.’
‘Caithfidh, dáiríre. Ní féidir liom a bheith i mo bhanríon ar an tír seo.’
‘Cén fáth?’
‘Níl a fhios agam. Cad a dhéanann banríon, ar aon nós?’
‘Sa tír seo? Ní mórán. Bronnann sí duaiseanna, rudaí mar sin. Ach d’fhéadfása a bheith difriúil. D’fhéadfá an saol a chur ina cheart.’
Lean siad orthu ag siúl tríd an bpálás ollmhór, a gcéimeanna ciúin ar na brait urláir ghalánta.
‘Ach cén fáth mise?’
‘Bhí mé ag smaoineamh air sin,’ arsa Dylan. Bhí a aghaidh bán faoi sholas na gcoinnleoirí. ‘Caithfidh go bhfuil rud éigin speisialta ag baint leat.’
Bhí Clíona sásta lena cara nua. Thug sí faoi deara go raibh siad sa seomra céanna inar casadh an Rí orthu. Ag bun an tseomra, bhí fear ina sheasamh in aice leis an gclaíomh. Bhí sé gléasta ar bhealach an-difriúil leis na daoine eile sa phálás, ach níor bhac na searbhóntaí leis. Bríste garbh donn a bhí air agus léine scaoilte liath. Rud an-aisteach, bhí clóca gorm dorcha air, é ceangailte le seoid ómra a bhí ag lonrú go geal. Bhí an fear ag stánadh ar Chlíona, agus a chuid gruaige fada dorcha ag titim ar a shúile glasa.

31